- Home
- Nuacht
Na hÉigiptigh / The Egyptians
Tá Rang 6 ag foghlaim faoi na hÉigiptigh an téarma seo. Tá leabhar cruthaithe ag achan pháiste sa rang lena gcuid oibre bunaithe ar na hÉigiptigh ann agus bhí deis acu an leabhar a thaispeáint dá gclann sa bhaile. Chruthaigh na páistí seodra na hÉigipte agus chruthaigh siad cónra don fharó. Chomh maith leis seo, scríobh na páistí dánta den scoth i mBéarla faoi shaol an fharó. Sa tseachtain deireaneanach den téarma seo, d’fhoghlaim Rang 6 faoin dóigh a ndéantar seargán agus bhain siad a lán suilt as seo. Ní amháin go bhfuil muid ag foghlaim faoin stair, ach is eolaithe muid fosta! Tá muid i mbun turgnaimh eolaíochta faoi láthair, bunaithe ar an dóigh a ndéantar mumú ar úll agus an tuaslagadh is fearr le úsáid. Beidh na páistí ag úsáid a gcuid scileanna mata, litearthachta agus a scileanna fiosrúcháin leis na torthaí a thaifeadadh agus comparáid a dhéanamh eatarthu.
Rang 6 are currently learning about The Egyptians. Each child in the class has created their own book based on their work about the Egyptians and have had an opportunity to show their book to their family at home. The children have created beautiful Egyptian jewellery and created a coffin for the Faro which. They have also written excellent poems in English based on the life of the Pharaoh. In the last week of term, we learned how to make an Egyptian mummy, whcih we thoroughly enjoyed. We are not only learning about history though, we are also becoming budding scientists! We are currently conducting an experiment to investigate how to mummify an apple. The children will be using their mathematical, literacy and investigative skills to record the results and to compare them.